• irishgaeilge.com
  • 0872920563

Le Chéile Arís – Reunited

ollamh      2

Le Chéile Arís – Reunited

Le Chéile Arís

(Amhrán Chríostóra)

Chaoin mé
Nuair a d’imigh an carr
As mo radharc.

Dúirt Mamaí liom gan a bheith buartha.
Ní fada go mbeifeá ar ais,
Ag briseadh lár téarma.

Thaispeáin m’athair an féilire dom.
Chuntas muid na seachtainí le chéile.
Sé cinn.

Mo dheartháir mór
Ag imeacht uaim chun na scoile.
Cé eile a bheadh sásta súgradh liom?

D’fhan mé leat,
Go dtí nach bhféadfainn fanacht níos mó.
Bhí lá do phillte tagtha faoi dheireadh.

Chonaic mé an carr ag teacht.
Is cinnte go raibh tú ar bord, ach
Ní fhaca an carr mise.

Seasca bliain a d’fhan mé leat.
B’fhada liom do theacht,
Ach tá an sos thart.

Tá sé iontach tú a fheiceáil arís, a Shéamuis.

© 2013, Cathal Ó Manacháin

The Reunion

(Christopher’s Song)


I cried
When the car disappeared,
Out of my sight.
 
Mammy said not to worry.
You’d soon be back again.
At mid-term break.
 
My father showed me the calendar.
We counted off the weeks together.
There were six.
 
My big brother,
Leaving me, to go to school.
Who would play with me now?
 
I waited for you,
Until I could wait no longer
You’d finally be back home, today.
 
I saw the car coming.
You were bound to be on board, but
The car didn’t see me.
 
Sixty years, I’ve waited for you.
I missed you so much,
But the wait is finally over.
 
It’s great to see you again, Seamus.

© 2013, Cathal Ó Manacháin

(I gcuimhne ar/In memoriam Seamus Heaney)

2 Comments

  • ollamh

    September 3, 2013 at 11:31 am

    Dan Maith ar fad, sort Heaneyesque.

  • ollamh

    September 3, 2013 at 2:50 pm

    Go raibh maith agat, a Chaoimhin.

    It's non-league in comparison, but thanks for your kindness.

Leave a Reply